Seol teachtaireachtaí go príobháideach
Is tosaíocht dúinn do phríobháideachas. Le criptiú ó cheann go ceann, beidh tú cinnte go bhfanann do theachtaireachtaí idir thú féin agus na daoine a sheolann tú iad chucu.
Is tosaíocht dúinn do phríobháideachas. Le criptiú ó cheann go ceann, beidh tú cinnte go bhfanann do theachtaireachtaí idir thú féin agus na daoine a sheolann tú iad chucu.
Fanann teachtaireachtaí agus glaonna eadraibh. Ní féidir le haon duine eile iad a léamh ná éisteacht leo, ní WhatsApp fiú.
Níos faide ná criptiú ó cheann go ceann, cuirimid sraitheanna breise cosanta le gach ceann de do chomhráite.
Is féidir leat rogha a dhéanamh faoin méid a chomhroinneann tú, an chuma atá ort ar líne, nó na daoine ar féidir leo labhairt leat.
Cosain na comhráite is pearsanta agat le pasfhocal ionas nach mbeidh aon duine a úsáideann d'fhón in ann iad a fheiceáil.
Le teachtaireachtaí sealadacha, is féidir leat smacht a choinneáil ar na teachtaireachtaí a fhanfaidh thart agus an tréimhse a fhanfaidh siad thart, trína socrú chun imeacht as radharc tar éis duit iad a sheoladh.
Cuir cosc ar thurscar agus ar ghlaonna ó theagmhálaithe anaithnide ionas gur féidir leat díriú ar na comhráite atá tábhachtach duit i ndáiríre.
Coinnigh do chúltacaí ar líne príobháideach. Cas cúltacaí criptithe ar siúl chun an tslándáil a bhaineann le criptiú ó cheann go ceann a shíneadh maidir leis na teachtaireachtaí atá sábháilte in iCloud nó ar Google Drive.
Roghnaigh na daoine a bheidh in ann thú a fheiceáil. Is féidir leat do shocruithe príobháideachais a chur in oiriúint chun a roghnú cé is féidir a fheiceáil go bhfuil tú ar líne, agus an uair dheiridh a d'úsáid tú WhatsApp.
Cosain do chuntas ó haiceálaithe agus caimiléirí
agus cuir stop le comhráite nach dteastaíonn uait